Liffey

A+ A A-

Fáilte ‘s céad chuig an Bealach Fada! (100 benvingudes al llarg camí!)

Bhí mé ag saoineamh le déanaí ar ábhar oiriúnach don aiste beag seo agus go tobann bhí an “Móimint Iúiríce” sin agam! Bhí mé díreach tar éis teacht ar an bhfocal “svaipeáil” nár fhaca mé riamh é. Is cinnte go raibh an Ghaeilge ar an “Bealach Fada” mar theanga go dtí seo agus tá súil agam go mbeidh sí air go deo (gan an cruatan stairiúl), le toil Dé.

Is léir, lena haithrithe atá tagtha orthu, go raibh na teangacha go léir a bhfuil fós beo ar a mbealaigh fada féin chomh maith. Níl agam féin ach Gaeilge lag agus Béarla ach is iad seo cúpla samplaí a léiríonn dúinn conas is féidir teangacha a athrú agus a fhorbairt....

Go minic, téann litir ar seachrán ón t-alt chuig an fhocal nó ón fhocal chuig an alt. Mar shampla, uair amháin fadó, bhí “an adder” i mBéarla “a Nadder”. Bhí baint láidir uair amháin idir an focal “Night” agus “Noíche” a d’athraigh go “An Oíche” agus idir “Apple” agus “Abhall” a d’aithraigh go “Úll”.

Ba mhinic a chuaigh an litir dána sin ar seachrán ag an am céanna agus a cuireadh Béarla ar ainm áit. Mar shampla, d’athraigh “An Urnaí” i gCill Dara (tá ceann i gCeatharlach freisin) go “Nurney” i mBéarla agus d’aithraigh “An Aill” i mBaile Átha Cliath go “Naul” i mBéarla (Tugtar faoi deara go bhfuil an t-ainm béil “THE Naul” fiú nach bhfuil an t-alt “The” sna fógraí bhóithre don áit. Is léir gur ceangal éigin é leis an t-ainm Ghaeilge).

Tá na céadta samplaí (le litir ar seachrán) ar fáil i ndáiríre agus is cinnte go bhfuil na mílte cinn ar fáil de shaghas Éigin eile: Focail a raibh tógtha ‘ar iasacht’ ag teanga amháin ó theanga eile. Is é an Béarla go háirithe a thóg focail ó theangacha eile ar iasacht cé go raibh na Sasanaigh lonnaithe go mórthimpeall an Domhan ón 17ú haois agus, roimhe sin, bhí treibheanna éagsúla lonnaithe i Sasana, go mór-mór na Ceiltigh.

Is mór an trua nach bhfuil Catalan agam mar theanga eile ach, mar a scríobh mé thuas, níl agam ach Béarla agus mo lag-Ghaeilge agus mar sin, tabharfaidh mé sampla amháin den shaghas dheireannach i ngach ceann acu:

Thug mé faoi deara uair amháin agus mé i gcathair mo leath-bhádóir (is Geordie í) gur aithin mé an fuaim a bhaineann leis an bhfocal “Tyne” agus tar éis tamaill bhí line ón Amhrán na bhFiann á chanadh agam im chloigin: “...thar TOINN do ráinig chugainn...”! An lá dar gcionn, rinne mé taighde air ar an idirlíon agus b’shin an t-ainm don abhann sin a bhí ag na Ceiltigh a bhí conaí orthú timpeall na háite!

Is é “Tyne” focal a thóg an Béarla ar iasacht ón Gaeilge agus cinnte go bhfuil “Svaipeáil” (an focal nua sin domsa!) focal a thóg an Ghaeilge ar iasacht ón mBéarla gan acht gan amhras! Is i litir faoi mballríocht Chlub Chonradh na Gaeilge a tháinig mé air agus bhí orm an focal a rá chun é a chloisteál go dtí gur thuig mé é (“swiping!” a bhí i gceist ag an údar...mar a dhéantar le cárta chreidmheasa, mar shampla).

Is léir go bhfuil gach aon teanga ar an mBealach Fada!!!

 English version 

Ciarán MacSamhráin

Dublinès entusiasta de la llengua irlandesa. Enginyer Mecànic i des del 2003, manager de vehicles a l'empresa RPA (ens estatal que s'encarrega de la gestió de la xarxa de tramvies a Dublin).

Escriu un comentari

(*) Indica camps obligatoris. El codi HTML no és permès.